Úr/créafóg a thógáil i dToraigh . Mórsheisear a tugadh orthu – seisear fear agus bean a ndeachaigh a gcoirp isteach i dToraigh, Scoilt an Mhór Sheisear. Cuireadh in uaimh amháin ag teampall Cholm Cille, ach gach maidin nuair a bhíodh na fir ag dul ag obair, bhíodh an bhean ar uachtar, chuireadh siad arís í ach gach maidin bhí mar an gcéanna, sa deireadh shocair siad í a chur in uaimh di féin agus chuir sin deireadh le sin. Thosaigh daoine ag tógáil an chré agus deirtear go raibh leigheas inti. Tógann daoine leo go fóill í, ina bpócaí nó i mbáid.
Scéal faoi Scoilt an Ghlasáin agus mar a chuaigh Colm Cille isteach ar dtús, d’iarr Colm Cille spás a chlóca ar an oileán, fear de na Dúgánaí a bhí sé ag caint leis, Créafóg Cholm Cille a thógann na Dúgánaí go fóill. | 00:05:13 | |